Nuair a fhágann an anáil dheiridh do scamhóga agus an splanc dheiridh d’inchinn tá tú marbh. Is cuma más i do leaba féin, caite ar thaobh na sráide, nó sínte ar ghainimh mín na trá, má tá an anáil imithe as do cholainn agus d’inchinn gan splanc, tá tú marbh.
Ach níl ansin ach bás corpartha. Lobhfaidh do cholainn agus ní bheidh fágtha ach do chnámha lom agus aon ribe gruaige a bhí ort, má bhí.
Tá an dara bás ann. Seo bás doshéanta, dearfa, deireanach. Níl aon chúlú on mbás seo. Tá deireadh leat .
Seo é an bás a chuireann deireadh le do spiorad agus le do chuimhne.
Seo é an bás a tharlaíonn nuair nach bhfuil aon duine fágtha le d’ainm a rá ós ard.
Ní dhéanaimse trácht ar an ábhar sin atá ós rud é go bhfuil greim mífholláin agam ar an mbás. Tá, go deimhin.
Ní aon chabhair domsa bheith ag smaoineamh ar an mbás. Tá an chéad bhás caite uaim le beagnach céad bliain. Thréig an anáil dheiridh mé nuair a caitheadh suas ar an trá mé, mo chorp briste agus casta ag an stoirm agus mé í bhfolach sa bhfeamainn.
Cuireadh naonúr againn sa reilig in uaigh mhór fhada ar thaobh an chnocáin agus thóg deoraithe leac mhór orainn. Diaidh ar ndiaidh, agus le caitheamh ama tháinig maolú ar an méid daoine a tháinig le paidir a rá ag an uaigh. Níl aon chall paidreacha ormsa, tá mé in áit nach gcuirfidh paidir síos nó aníos mé.
Is beag nár shíl mé go raibh deireadh liom.
Ach go deiridh, le cúpla bliain anuas, is amhlaidh go bhfuil mé beo i gcuimhne duine, duine amháin, ar a laghad. Sin neart.
Airím a choiscéimeanna, agus aithním anois iad, ag teacht i mo threo, ag sleamhnú agus ag sciorradh idir na huaigheanna eile ná go seasann sé amach uaim. Níl aon aithne agam air ach ní fear óg é anois. D’airigh mé é ag míniú do strainséir lá go raibh a athair mór curtha sa tuama seo. Mise an t-aon duine sínte anseo a bhí pósta agus d’fhág mé seachtar i mo dhiaidh.
Bím ag súil leis.
Ní dheirinn sé aon phaidir. Léann sé na hainmneacha ar an leac. Is é m’ainm an chéad ainm ach léann sé na hainmneacha uilig i nGaeilge, i nguth láidir nádúrtha. Ní bhacann sé leis an leagan i mBéarla ar an taobh eile don leac. Is iontach an rud é m’ainm a aireachtáil ráite mar sin. Tá fhios agam go bhfuil mé beo sa gcuimhne agus san aer, m’ainm agus mo spiorad ag scaradh amach thar bhallaí bheaga na reilige. Tugann sé brí agus láithreacht dom.
It looks as though 2019 was our most ambitious year to date. I had a suspicion this time last year that it might be and I wasn’t wrong. I had originally planned nine publications for 2019—alas, we only managed seven. But they’re seven of the best books we’ve done and results of which all involved…
Deadline: Monday 6th January 2020 at 5pm. BBC Writersroom's regular window for unsolicited scripts is open between 10am on Monday 9th December 2019 and 5pm on Monday 6th January 2020 for Drama scripts (TV, film, radio, stage or online).
January: Wasting no time whatsoever in availing of our New Year's resolutions, three books being published on Thursday promise to help with the post-Christmas detox of body and mind.
Níl tú marbh ach, ag an staid seo, n’fheadar an ndéanfadh sé difear ar bith dá mbeadh tú. Fad is atá do chorp suite ar an úrlar ag ól fíona, nó suite chun boird ag ithe brioscaí nó suite sa charr ag tiomáint ró-ghar don charr os do chomhair amach – tá tusa in áit éigin eile. I bhfolach uaim. Tá tú tar éis tochailt isteach in áit éigin chomh domhain sin is ar éigean go sroicheann an solas thú. Ní creidim, anois, gur mise an té a thiocfaidh ort. Níl áit ar bith fágtha le cuardach agam.
I bhfad ó shin, agus mé fós óg, shleamhnaigh mé isteach i do sheomra leapa. Sheas mé faoi sholas fionnuar, glas cos na leapa. Is ann a bhí do dheasc – é ina cíor thuathail de pháipéir agus leabhair. Chas mé eochar i dtarraiceán agus tharraing, an adhmaid ag scréachaíl go raibh rún á scaoileadh. Bhí leabhair nótaí istigh, líonta le tonnta dod’ scríobhneoireacht chaolcrúbach. Mhéaraigh mé an tranglam pinn, sreang, admhálacha brúite agus páipéar toitíní a bhí taobh leo. B’shin an lá a d’fhoghlaim mé gur chaith tú. Shíl mé gurb é a t-aon rún a bhí agat.
I bhfad níos déanaí, thuig mé gur botún a bhí ann neamhaird a dhéanamh de d’fhocail. Mar sin chaith mé blianta eile ag taistil faid do sheilf leabhar ar do lorg. Chuimil mé mo mhéara ar gach leabhar le droim scoilte. “Seo hé!” a dúirt mé. Gach uair. Agus léigh mé gach focal, ag samhlú go raibh siad ag dul i bhfeidhm orm sa bhealach céanna is a ndeachaigh siad i bhfeidhm ortsa. Ach, thréig na focail céanna mé agus mé ag iarraidh léiriú duit an méid a bhí foghlamtha agam. Toisc nach raibh aon ní foghlamtha agam i ndáríre.
Uair amháin, cheap mé gur tháinig mé ort idir na sliseoga vinile a luí, i gcarn néata, leis an mballa. Shíl mé gur chuala mé tú ag canadh in éindí le Bob agus Lou, le Joni agus Frank. Dhún mé mo shúile le ríméid agus chan mé leat, ard agus láidir. Ach, tar éis tamaill, múchadh do ghuth agus bhí tú caillte arís agam.
Seasann do dheasc i sheomra eile anois. Tá an dromchla ina chíor thuathail de phacáistí síolta glasraí, potaí bláthanna agus ithir thirim, ghreanach. Tá eochar an tarraiceán caillte le fada - é líonta anois le huirlisí láidir gharraíodóireachta, seachas focail. Cuirfidh mé na síolta. Déanfaidh mé iad a chlutharú faoin gcré ag úsáid na huirlisí ón dtarraiceán ina mbíodh do rúin. Fásfaidh na fréamhacha síos go domhain. Tiocfaidh na teannóga geala ort. Nuair a íosfaidh mé na glasraí, n’fheadar an mbeidh blas na mbeatha nó blas an bháis orthu?
To get content containing either thought or leadership enter:
To get content containing both thought and leadership enter:
To get content containing the expression thought leadership enter:
You can enter several keywords and you can refine them whenever you want. Our suggestion engine uses more signals but entering a few keywords here will rapidly give you great content to curate.