Diarmuid Ó Gráinne (1950-2013) RIP

Ar shuíomh idirlín Chois Life, tá an-chuir síos ar scríbhneoirí éagsúla Gaeilge agus a saothar agus mórán eolais ar fáil ann ach an suíomh sin a cheadú. Scríobh Seán Ó Cearnaigh an aiste gairid seo ar a scríbhneoir Diarmuid Ó Gráinne a fuair bás seachtain ó shin. Is le cead Sheáin a chuirim athchló air anseo. Cathal Póirtéir

Cainteoir dúchais Gaeilge as Aill an Phréacháin sna Forbacha i gContae na Gaillimhe ba ea Diarmuid Ó Gráinne. I 1950 a rugadh é. D’fhreastail sé ar Choláiste Éinde sa Ghaillimh (1963-68) agus ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach (1968-70) áit ar bhuaigh sé Duais Uí Mhaolónaigh sa stair. Is le linn dó bheith ina mhac léinn ansin a spreag Séamus Ó Mórdha, Ollamh le Gaeilge sa Choláiste, i mbun pinn é. Ina dhiaidh sin d’fhreastail Ó Gráinne ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath (1976-79) le staidéar a dhéanamh ar an stair, ar an bpolaitíocht agus ar an mBéarla.