Southword Journal-Prós:  Colm Ó Ceallacháin | The Irish Literary Times | Scoop.it

Murach an cóiméad mallaithe sin agus ainnise na haimsire, bheadh seans éigin ag Ciarán teacht slán trí shamhradh 1997.  Ach ní túisce scrúdú deireanach an Teastais Sóisearach críochnaithe agam nó gur oscail na spéartha, is níor stad na múrtha go Lá Lúnasa.  Ar an lá sin theitheamar, mo thuistí, mo dheirfiúracha óga is mé féin, sactha isteach in aon ghluaisteán amháin don turas gearr go Cuan Chorcaí.  Thiocfadh feabhas ar chúrsaí i rith na laethanta saoire a gheall mo mháthair dúinn, a guth á bhodhrú ag cnagadh na fearthainne ar dhíon an chairr.